Tháinig muintir Oideas Gael le chéile oíche aréir le ceiliúradh a dhéanamh ar rannpháirtíocht Scoil Samhraidh Idirnáisiúnta Teanga agus Cultúir Oideas Gael i dTóstal Éireann 2013. Tionóladh an ócáid seo de thoradh cuireadh pearsanta ón Aire Turasóireachta Leo Varadkar, TD, a d’fhreastail ar chúrsa teanga in Oideas Gael mí Lúnasa seo caite.
Chuala muid John Gleeson, Ollscoil Wisconsin-Milwaukee, agus an tOllamh Seosamh Watson ag léamh dánta ón leabhar Dhá Chéad de Cheoltaibh Uladh, agus léigh an Dr Stiofán Ó Direáin dán dá chuid féin, ‘Aingeal an Ghleanna’. Cheol Bernardine Nic Giolla Phádraig ‘Cóilín Phádraig Séamais’ de chuid Phádraig Uí hAoláin, chan Kerry Ann Maloney ‘Gleanntáin Ghlas Ghaoth Dobhair’, chan Maggie McGwin ‘Báidín Fheidhlimidh’ agus d’aithris Ashley Davis an t-amhrán ‘Doire Cholm Cille’ ar an oíche. Chum Ray Mac Manáis lúibín ar théama an Tóstail go speisialta don ócáid agus bhí idir cheol agus amhráin ó na cailíní áitiúla Catherine McGinley, Ellie McGinley, agus Aisling Ní Churraighín.
Is í an Scoil Samhraidh Teanga agus Cultúir príomhchúrsa aitheanta Oideas Gael. Dírítear ar fhoghlaim na teanga gach maidin trí sheisiúin teagaisc ag leibhéil éagsúla; tráthnóna cuirtear ar fáil ceardlanna i réimse leathan imeachtaí, macasamhail feadóg, damhsa seite agus sean-nóis le Máire Áine Ní Iarnáin, amhránaíocht ar an sean-nós le Gearóidín Bhreathnach, siúl sléibhe le Tony, bodhrán le Paddy Mór, drámaíocht le Ray Yeates, agus cócaireacht Iodálach le Salvatore!
Is éard atá i gceist le Tóstal Éireann 2013 ná go dtógann muintir na hÉireann orthu féin cuireadh a thabhairt go hÉirinn do dhaoine a bhfuil baint acu leis an tír agus go gcuireann siad Fáilte Uí Cheallaigh rompu. Ceiliúradh gach a bhfuil iontach agus uathúil i dtaobh na tíre seo atá ann; ceiliúradh a mhairfidh ar feadh bliana.
Ar ndóigh, tá siad siúd ar spéis leo cultúr na hÉireann mar aon le lucht na Gaeilge sa bhaile agus i gcéin ag teacht le chéile i nGaeltacht Thír Chonaill ó cuireadh tús le hOideas Gael sa bhliain 1984 agus tá lúcháir orainn bheith páirteach i mbliain seo an Tóstail.
Tá na grianghraif uilig ar fáil anseo.